Bhí obair acu go léir le déanamh, buachailleacht go minic. Bhíodh a mbarr féin curtha ag daoine, préataí agus coirce, agus chaitheadh siad cinnte nach dtéadh an t-eallach nó na cearca chóir an bhairr. Bhí a máthair ag fáil pinsean baintrí agus ní raibh mórán ann, thart ar £2, b’éigean don chuid is mó den mhuintir óg imeacht ar fhostú le bróga agus éadach a cheannach. Chuaigh cuid acu go Faoi Chnoc, chuaigh sí féin chuig deirfiúr Ned ag 9 mbliana d’aois. Bhí a fear in Albain agus bhí 2 iníon agus mac aici. Bhí Bríd ag amharc i ndiaidh na bó a bhí aici agus thugadh sí na girseacha beaga na scoile. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh ansin aici agus ar an obair a bhí le déanamh aici ar an phortach don bhaile. | 00:03:27 | |